Gaeilge

‘Beatha Teanga í a labhairt’

Ráiteas Misin

  • Tá Pobalscoil na hAbhann Móire tugtha d’ard chaighdeán oideachais.
  • Luachanna Chríostula an fhírinne, an mhacántachta agus an t-ionracais a chothu
  • Chuir ar chumas na ndaltaí a gcumas acadúla, fisicúla, freagarthachta agus spioradálta a bhaint amach.
  • Oideachas fairsing comheánach a chur ar fáil do na daltaí.
  • Timpeallacht slán a chothú inar féidir leis na daltaí agus an fhoireann araon a bheith caomhaithe, sabháilte agus sona.
  • Féin-mhuinín láidir maraon le féinspreagadh a sholáthar i na daltaí.
  • Pobal croíúil, cairdiúil cabhracha a chothú in atmaisféar chomhmheasúil.
  • Ról an dalta laistigh dá cheantar áitiúil agus an saol mór a mheadú.
  • Atmaisféar fáiltiúil a sholáthair do thuismitheoirí agus don phobal mór.

Aidhmeanna an ábhair:

  • An sprioctheanga a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide sa rang.
  • Go bhfeicfeadh na scoláirí luach agus feidhm san ábhar Gaeilge, mar shampla: fostaíocht, saol sóisialta, a gcultúr agus a n-oidhreacht.
  • Meon dearfach i leith na Gaeilge a spreagadh agus spéis a chothú inti.
  • Go mbainfidh na scoláiri taitneamh agus tairbhe as foghlaim na Gaeilge.
  • Cumas éisteacht, labhartha, léitheoireacht agus scríbhneoireacht gaeilge na ndaltaí a fhobairt ag leibhéal a oireann dóibh.
  • Iarracht a dhéanamh na scileanna thuasluaite a nascadh.
  • Suim a mhuscailt sa teanga labhartha agus sa chúltúr.
  • Cumas teanga na ndaltaí a shaibhriú.
  • Cursaí iomlána a chlúdach in am caoi ionas go mbeidh scoláiri ábalta marc caoi a thuilleamh sna scrúdaithe náisiúnta

Clár agus Léibhéil

Cuireann an scoil clár an Teastas Shóisearaigh ar fáil ag gnáthleibhéal agus ardléibhéal.

https://curriculumonline.ie/Junior-cycle/Junior-Cycle-Subjects/Gaeilge-T2-L2/Introduction-to-this-specification/

Sóláthraíonn Pobalscoil na hAbhann Móire clár don idirbhliain chomh maith.

Anuas ar sin bíonn clár na hardteistiméireachta á mhúineadh. Bíonn ardléibheál, gnáthléibheál agus bonnleibhéal ar fáil do na scoláirí sa chlár ardteistiméireachta. Cé go bhfuil an bonnleibhéal ar fáil do na scoláirí, déantar gach iarracht iad a dhíriú i dtreo ardleibhéal nó gnáthleibhéal chomh fada agus is féidir.

Tá An Ardteistiméireacht Fheidhmeach ar fáil freisin.

An Ghaeilge mar Theanga Bheo Chumarsáide

  • I bPobalscoil na hAbhann Móire leagtar béim ar an nGaeilge a chur i láthair na scoláirí mar theanga bheo chumarsáide.
  • Tugtar deiseanna do na daltaí an Ghaeilge a úsáid lasmuigh de na ranganna Gaeilge agus cloiseann na daltaí an Ghaeilge á úsáid mar theanga bheo chumarsáide i measc na múinteoirí Gaeilge agus i measc múinteoirí nach múinteoirí Gaeilge iad.
  • Tugadh ainm Gaeilge do na seomraí éagsúla timpeall na scoile.
  • Tagann daltaí sínsearacha le chéile ag am lóin uair sa tseachtain i gcomhair an Pop-Up Gaeltacht
  • Bíonn turas go dtí an Ghaeltacht do dhaltaí sinsearacha chomh maith.
  • Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge
  • Tá bileog nuachta cruthaithe ag lucht na hidirbhliana áit gur féidir le na daltaí theacht ar phíosaí nuachta, as Gaeilge.